Long Lochlannach Oseberg
By Ryan Spencer, 2nd Year
Maisithe cosúil le mósáic mé
Léaráidí eitseáilte orm
Créatúir aisteacha, áille
Ar mo chláir daracha
Éadrom is tapa i m’óige
Ag luascadh anonn is anall
Thar na tonnta móra gorma
Fadó, fadó in uiscí na hÉireann
Bád uaigneach, aosta mé anois
Im shuí anseo i músaem
Dorcha, fuar in Osló
Tar éis na blianta
Gan lochlannach fágtha dom’ sheoladh
Bacainní móra timpeall orm
Scéalta le n-insint
Gan deoraí chun iad a chlos
Anois mo ré thart
Slán libh, a chairde
‘Mé ag titim as a chéile
…det er livet…
No Comments
Add a comment about this page