Pádraig Ó Móráin O.S. agus M.A.

Bailitheóir Béaloideasa

Pádraig Ó Morain
Criostóir Ó Carthaigh
Iris Béaloideasa
Criostóir Ó Carthaigh
Radharc ar Chruach Phádraig óna sheomra staidéir
Seán Ó Cadaoin
Scoil Chroch Luachra
Seán Ó Cadaoin
Tomás Ó Ceallaigh, Carraig a' Chabhlaigh-cainteóir dúchais
Tomás Ó hAodh

Do cailleadh Pádraig Ó Móráin, O.S., M.A., bailtheóir béaloideasa ar fhoirinn Choimisiún Béaloideasa Éireann, ina theach féin ar an Mhaoil Raithní, Co Mhuigheó, 29 Samhain, 1966, in aois 80 blian. Solas geal na bhFlaitheas i bhfochair lucht innste scéalta agua seanchas Iorruis Domhnann go raibh ag a anam uasal!

Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath

Is lag a shílíos nuair a casadh Pádraig Ó Móráin orm i mí Dheire Foghmhair, 1923 go bhfeicfinn arís é agus go gceangalóifí snaidhm daingean caradais eadrainn a mhaireadh breis agus 30 mblian. Is é áit a chonnaiceas ar dtúis é ná in Aula Maxima Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath le linn dúinn an M.A. a ghnóthú araon. Fear mór árd – gaiscíoch fir- ab eadh é, agus ba shine go mór é ná éinne eile tímpeall air an lá úd. Do bhíomair le cois a chéile san mór-thionól, agus d’fhágamair slán agá n-a chéile nuair a scaipeadh an cruinniú. Ní fhaca arís é go dtí Mí na Bealtaine, 1936 nuair a thugas mo chéad-chuairt ar Chondae Mhuigheó. Mícheal Mac Énrí, O.S., Beannchor Iorruis, cara mhór do Phádraig Ó Móráin, a chuir in aith-aithne do Phádraig mé ina theach cónaithe ar an Maoil Raithní ar Chuan Modh. Is maith is cuimhin liom eachtraí an lae úd agus an fháilte a cuireadh romhainn sa tseómra lán suas go bailc de leabhair agus de scríbhinní, agus an radharc ón bhfuinneóig ar Chruach Phádraig treasna an chuain. Do thuig an bheirt oidí scoile go dian-mhaith fáth mo thurais agus tábhacht na hoibre a bhí fós le déanamh thiar Ó Acaill go Muaidh, agus mara mbeadh an chabhair a thugadar-san ina dhiadh sin, agus an éacht oibre a dhineadar ag bailiú seanchais bhéil iarthair Mhuigheó, is mó scéal agus amhrán agus píosa luachmhar stair-sheanchais bhéil a imeódh gan tuairisc.

Scoil Chroch Luachra

Le múineadh scoile a chaith Pádraig Ó Móráin a shaol, agus ba mhaith agus ba dhúthrachtach an t-oide é. Duine breá soineanta, suairc, ciúin, modhail ab eadh é, loinnir an gháire ina shúile agus meanga chutail gháire ar a bhéal do shíor. Fear an-dheaghmhóideach é a chaith a shaol fé mheas an phobail agus na cléire, fear é a rinne a dhícheall riamh chun na Gaeilge agus tradisiúin an cheanntair a chaomhnadh. Ní fada a bhí sé i mbun gnó Scoile Chroc Luachra in aice le Maoil Raithní nó gur thosaigh sé ar shean-scéalta Gaeilge ón iarmhar bheag cainteóirí dúchais sa cheanntar a bhailiú agus a chur i gcló i gcomh-pháirt le sagart dílis Gaeulach sa pharóiste, an t-Athair Tomás Ó Cillín, a spreag é chun na hoibre agus a bhailigh é féin mórchuid don oighreacht liteardha bhéil a bhí ar thí a caillte i dteanna leis an nGaeilge sa chomhursanacht.

Ar a shon go raibh cliú tuillte ag Pádraig de bhárr a fheabhais mar oide scoile, is minic a cheapas gur thrua go deó nach bhfuair sé caoi chun gnó mar thaighdeóir in institiúid léighinn, mar táim deimhnitheach dá bhfaghadh sé oiliúint chuige gur tábhachtaí go mór an gnó a gheobhadh sé a dhéanamh ná páistí óga scoile a mhúineadh i scoil tuaithe i bhfad ar gcúl; b’fhéidir go raibh an bharúil chéana aige féin, bíodh nár luaidh sé riamh liom í.

Fear Leigheanta

Fear leigheanta a bhí ann, agus bhí cuid mhór teangthacha ar eólas aige seachas an Ghaeilge – Laidin, Gréigis, Eabhrais, Gearmáinis, Frainncis, Iodáilis agus Sualannais. Bhí leabharlann mhór aige, agus is ag gabháil do léthóireacht a chaitheadh sé a chuid ama tar éis teacht abhaile dhó tráthnóna ón scoil go dtí i bhfad amach san oíche.

Coimisiún Béaloideasa Éireann

Nuair do tháinig sé amach ar phinsin do ceapadh é mar bhailitheóir béaloideasa fé Choimisiún Béaloideasa Éireann i Mí a Mheithimh, 1951, agus do thug sé i ndáiríribh fé sheanchas bhéil Chuan Modh agus Oileáin Acla a bhailiú. Tá breis agus 6,000 leathanach i nGaeilge ar fáil i scríbhinní an Choimisiúin de bhárr a thaighde, agus lena chois sin do sholáthair sé roint aistí luachmhara do Bhéaloideas. Dob éigean dó éirí as a bheart de bhárr droch-shláinte, 31 Márta, 1956, ach de thora a thaighde tá fágtha ina dhiaidh ag an náisiún cnuasach trá ó imeall-bhórdaibh Chuann Modh nach bhféadfaí a dhéanamh anois agus nach  ndéanfaí choíche mara mbeadh é.  Duine uasal geanúil Gaeulach ab eadh é nár thug cúl riamh lena dhúchas. Requiescat!  Is boichtide an tír dá cheal.   S.Ó.D.

LEABHAiR AGUS AISTÍ LE PADRAIG Ó MÓRÁIN

Tóruigheacht Mhadadh na Seacht gCos. Baile Átha Cliath (gan dáta).

Annála Beaga Pharáiste Bhuiréis Umhaill.  A short account of the History of Burrishoole Parish (?1957)

500 years in the history of Murrisk, 1457-1957. (Ath-chló ón Mayo News, 7 agus 14 September, 1957).

‘Béaloideas ó Bhuirgheas Umhaill`. Béaloideas viii, 201 ff.

‘Some Mayo Traditions of the Buaile,’ Ib. xiii, 161 ff.

‘More notes on the Buaile,’ ib, xiv, 45 ff.

‘Pól Ó Huiggin,’ ib xv, 87 ff.

‘An t-Athair Mánus Mac Suibhne,’ ib xvii, 3 ff.

‘Naomh Bréanainn Chluain Fearta agus Ceap-Sinsear na Máilleach,’ ib, xxii, 154 ff.

 

Buíochas do Chriostóir Ó Carthaigh, An Cumann le Béaloideas Éireann.

 

 

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.